An Ghaeilge i gColáiste Alexandra
Tá stair uasal ag an nGaeilge sa Choláiste agus áirítear an scríbhneoir agus an náisiúnaí Pádraig Mac Piarais i measc na n-iarmhúinteoirí Gaeilge a theagasc anseo (1904 – 07), agus an scríbhneoir Máire Mhac an tSaoi (rugadh 1922) i measc na n-iarscoláirí. Bhí máthair Mháire Mhic an tSaoi, Margaret / Mairéad de Brún ina múinteoir bunscoile anseo chomh maith.
Máire Mhac an tSaoi (Faoi láthair tá dán agus gearrscéal le Máire Mhac an tSaoi ar chúrsaí na hArdteiste). Ceapadh Úna Ní Fhaircheallaigh (“Uan Uladh”, Agnes O’Farrelly) mar an chéad mhúinteoir Gaeilge sa scoil ag deireadh na bliana 1900, ach d’éirigh sí as sa bhliain 1904 nuair a fuair sí post mar scrúdaitheoir Gaeilge sa mheánoideachas.
An Dr Úna Ní Fhaircheallaigh, 1874-1951
(Rugadh agus tógadh í seo i gContae an Chabháin. Bhí sí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge agus i ngluaiseacht chomhionannas na mban. Ba í an chéad bhanscríbhneoir sa Ghaeilge. Ba í an chéad bhean a bhain máistreacht amach sa Ghaeilge freisin. Scríobh sí dánta agus úrscéalta, ina measc “Grá agus Crádh” sa bhliain 1901, “An Cneamhaire” (1902) agus “Smuainte Ar Árainn” (1902). Bhí sí ina hOllamh le Filíocht na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (1933, ag teacht i gcomharbacht ar An Dr Dubhghlas de hÍde) – an chéad bhan-ollamh sa Ghaeilge. Ina theannta sin bhí sí ina hUachtarán ar Chumann Camógaíochta na hÉireann sna 1930í agus ina hUachtarán Oinigh ar an gComhdháil Cheilteach ag an am céanna) Fuair an Piarsach a post nuair a d’fhág sí ach d’fhág seisean i1907 lena scoil féin, Scoil Éanna, a bhunú do bhuachaillí an bhliain dar gcionn. Bhunaigh sé Scoil Íde do chailíní ina dhiaidh sin.
Pádraig Mac Piarais, 1879 – 1916
D’fhreastail an scríbhneoir Gaeilge “Brenda” (Úna McClintock Dix) anseo chomh maith faoina hainm réamhphósta Elizabeth Rachel Leech, 1880-1958. Seo eolas fuithi ón Idirlíon:
http://www.bc.edu/libraries/about/exhibits/burnsvirtual/bkcovers/2.html
“Author: “Brenda” (Úna McClintock Dix) (1880-1958)
Title: Cailín na Gruaige Duinne (The Brown Haired Girl)
Published: 1932 Artwork: Unsigned
Comment: Born Elizabeth Rachel Leech in Dublin, she was educated in Neuchatal, Switzerland and Alexandra College, Dublin. Dix emigrated to Canada where she taught German and English immigrants. On returning to Ireland she met and married Ernest Reginald McClintock Dix, an expert on Irish printing. Dix is one of the few Irish language women authors of the Free State era.
Inniu Is féidir a rá go bhfuil dearcadh an-dearfach i leith na teanga sa Choláiste. `Sí an Ghaeilge gnáththeanga chumarsáide baill Roinn na Gaeilge agus is iarmhúinteoir Gaeilge í Príomhoide an Choláiste, Mrs Marian Healy. Bíonn an teanga le clos ag ócáidí foirmiúla sa Choláiste go minic. Tá an teanga ar a dtoil ag roinnt múinteoirí ábhair eile chomh maith. Corruair, freisin, is trí mheán na Gaeilge a labhraíonn tuismitheoirí áirithe le múinteoirí ag cruinnithe.
Gach bliain glacann foirne sóisearacha is sinsearacha páirt i gComórtas Díospóireachta Ghael Linn agus thar na blianta bhí Grúpa Traidisiúnta an Choláiste páirteach i gcomórtais cheoil ar nós Slógadh agus Siansa. Cuirtear an-chuid imeachtaí ar siúl le linn Seachtain na Gaeilge. Is minic daltaí sinsearacha i láthair ag imeachtaí taobh amuigh den Choláiste ar nós cainteanna agus léachtaí, drámaí, taispeántais scannán, ceardlanna iriseoireachta Ghael Linn, srl. Is iomaí duais a bhuaigh scoláirí ón Idirbhliain i gComórtas Scriptscríbhneoireachta TG4 anseo in Éirinn agus ag an gCraobh Domhanda san Iodáil. Le gairid thug an file An Dr Cathal Ó Searcaigh caint do na ranganna Ardteiste – roinnt bliana ó shin thug grúpa scoláirí ón Séú Bliain cuairt airsean ina theach féin agus iad ar thuras go Gaeltacht Dhún na nGall. Aithnítear tábhacht na Gaeltachta don teanga agus gach bliain spreagtar na scórtha scoláirí dul ag freastal ar na Cúrsaí Samhraidh sa Ghaeltacht. Cuirtear bileoga eolais na gColáistí Samhraidh seo ar fáil go feiceálach ar sheastán thuas staighre sa Halla Tionóil. Is ríléir an tairbhe a bhaineann le seal a chaitheamh sa Ghaeltacht. Cabhraíonn na cúrsaí seo go mór le féinmhuinín an dalta an teanga a thuiscint agus a labhairt agus saibhrítear a stór focal. Is buntáiste an-mhór á an taithí seo sna Scrúduithe Stáit. (Faoi láthair is fiú 25% iad na Scrúduithe Cainte san Ardteist, ach is léir freisin an sochar atá ann don dalta ag ullmhú do na Scrúduithe Cluastuisceana agus Scríofa.) Is leasc le Roinn na Gaeilge cúrsa ar leith a mholadh thar chúrsa eile, áfach, óir braitheann dul chun cinn an scoláire ar na cúrsaí seo ar a hiarracht mhacánta féin an teanga a thabhairt léi.
Tá foclóirí agus leabhair eile Gaeilge ar fáil sa Leabharlann. Úsáidtear foilseacháin ar nós Foinse, Lá, Breacadh, Dréimire, Céim agus Staighre mar is cuí. Baintear leas as an ríomhaireacht agus as suíomhanna idirlín ar bhonn leanúnach. Ina theannta sin tá bailiúchán breá de ghearrscannáin agus d’amhráin i nGaeilge curtha le chéile thar na blianta againn.
An Ghaeilge don Teastas Sóisearach
Tá na ranganna sruthaithe anseo. Sé Roinn atá sa Chéad Bhliain le cúig Roinn sa Dara Bliain agus sa Tríú Bliain. Le freastal
ar riachtanais fhoghlama gach scoláire a dhéantar é seo. Tá solúbthacht ag baint leis, áfach, mar déantar athbhreithniú leanúnach ar an rangnú seo. Bogtar scoláirí ó Roinn go Roinn de réir mar a chruthaíonn siad a n-inniúlacht i scrúduithe comónta. Tarlaíonn na scrúduithe seo ar dtús san Earrach sula dtosaíonn an dalta ar a meánscolaíocht (Rang 6 na bunscoile), agus ansin ag deireadh Mhí Mheán an Fhómhair, ag Scrúduithe an Earraigh agus arís ag Scrúduithe an tSamhraidh sa Chéad Bhliain. Is féidir go n-athrófaí scoláire ó Roinn go Roinn arís i ngeall ar thoradh Scrúduithe an Earraigh agus Scrúduithe an tSamhraidh sa Dara Bliain nó arís sa Tríú Bliain. Mar a dúradh thuas, is le luas oiriúnach foghlama a aimsiú do gach dalta a dhéantar é seo. Déantar gach iarracht go mbeidh líon beag daltaí sna ranganna Gnáthleibhéil.
Tugann Roinn 1, Roinn 2, Roinn 3 agus de ghnáth Roinn 4 faoin Ardchúrsa don Teastas Sóisearach, agus an Gnáthchúrsa a bhíonn ar siúl ag Roinn 5 agus Roinn 6. Go dtí seo níor thug éinne faoin mBonnchúrsa Gaeilge sa Choláiste. Sna blianta seo dírímid ar scileanna iomlána an dalta sa Ghaeilge a fhorbairt, a cumas leis an teanga labhartha ach go háirithe.
An Ghaeilge don Ardteist
Faoi mar a tharlaíonn leis na ranganna don Teastas Sóisearach, bíonn na ranganna don Ardteist sruthaithe chomh maith. Déantar é seo chun freastal ar luas foghlama an dalta. Bíonn deis ag gach dalta athrú ó Roinn amháin go Roinn eile ag amanna faoi leith i rith na bliana, ag brath ar thorthaí scrúduithe. Cuirtear scrúdú ar an gCúigiú Bliain go hiomlán ag deireadh Mhí Mheán an Fhómhair agus déantar pé athrú is gá ansin. Bíonn deis ag an dalta bogadh arís tar éis Scrúdaithe an Earraigh agus Scrúduithe an tSamhraidh nó arís sa Séú Bliain. Déantar é seo ionas go mbeidh deis ag gach dalta a caighdeán féin a aimsiú agus na torthaí is fearr a ghnóthú ag léibhéal atá oiriúnach dá cumas féin.
Tugaimid faoin gcúrsa ainmnithe próis agus filíochta don Ardteist. Tugaimid faoin dráma “An Triail” le Mairéad Ní Ghráda mar phróstéacs breise ag an Ardléibhéal i gColáiste Alexandra. De ghnáth, déanann Roinn 1 agus Roinn 2 Ardléibhéal sa Séú Bliain agus bíonn an cúrsa Gnáthléibhéil ar siúl ag Roinn 3, 4 agus 5. Déanaimid gach iarracht na ranganna Gaeilge a choiméad beag go háirithe ag an nGnáthleibhéal. Go dtí seo níor thug éinne faoin gcúrsa Bonnléibhéil sa choláiste. Timpeall na Cásca a bhíonn Béaltrialacha na hArdteistiméireachta sa Ghaeilge ar siúl.
LINKS: An Grá Faoi Ghlas / An Bhean Óg / Beo.ie / Blas (BBC) / Cursaí Ceoil / Gaeilge.ie / Ogham / Games and Written Exercises / Interactive Games (Verbs) / Irish Festivals and Events / RTE – Easy Irish / Laethanta Saoire / Tracing Slang to Ireland







